Cineál | lá saoire oilithreacht ![]() |
---|---|
Tugann na mílte Cruach Phádraig orthu féin ar Dhomhnach na Cruaiche (Garland Sunday nó Reek Sunday), oilithreacht ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil go hiondúil.[2] Tugann na hoilithrigh aghaidh ar Chruach Pádraig chun meas a léiriú d'Éarlamh na hÉireann trí aifreann a léamh ar mhullach na cruaiche.
Is gnách go meallann an oilithreacht na mílte duine le tabhairt faoin dúshlán. Tugann roinnt oilithreach aghaidh ar an gCruach cosnochta nó fiú ar a lámha agus ar a nglúine.[3]